Is cuibhreannas faoi stiúir Thionscnamh Europeana a fhorbraíonn an spás sonraí. Tá sé bunaithe ar níos mó ná 15 bliana de thaithí Europeana maidir le hearnáil na hoidhreachta cultúrtha a chumhachtú ina claochlú digiteach. Le maoiniú ón Aontas, forbraíonn Tionscnamh Europeana saineolas, uirlisí agus beartais lena nglactar leis an athrú digiteach agus lena spreagtar comhpháirtíochtaí lena gcothaítear an nuálaíocht.
Tá trí chomhlacht idirnasctha i dTionscnamh Europeana: Fondúireacht Europeana, Comhlachas Líonra Europeana, agus Fóram Comhbhailitheoirí Europeana.
















